Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a's duine dar b'ainm Árt i gcionnus an chinn eile. Ghlac Árt tinneas lá amháín a's ní raibh sé abalta dhul amach le na chuid fear. Dubhairt Caoimhghin go rachadh séisean amach le na chuid fear in a áit. Bhí siad uilig sásta leis an t-socruighadh sin. Bhí biseach ar Árt lá ar na bharach agus d'imthigh sé fhéin a's a chuid fear go breagh, luath, ar maidin a shealgaire. Bhí fearg mhór ar Caoimhghin agus d'imthigh sé a's a chuid fear agus níor stad siad go raibh siad ag Áit Shuidhe Fionn. Chonnaic na fire eile iad a's thainig siad fhad leobhtha. Thosuigh siad ag argoint agus sa deireadh thosuigh siad a throid. Marbhadh Árt bocht 'san troid; annsin thainig Fionn. Bhí faearg mhór air le Caoihghin a's dubhairt sé leis gur fhead sé bheith sásta a's dhá lá sealgaire a fhaghail. Chuir Fionn ruaig air annsin, acht d'imthigh sé fhéin a's cuid fear Áirt fósta. Thug Fíonn leis cólann Áirt agus chuir sé i gCill Dara é. Ghlac Caoimhghin éagla roímhe Fionn a's chuaidh sé fhéín 'sa chuid fear go h-Albain.
(Fuair mé an sgéal seo ó Phádraig Ua Gallchobhoir agus fuair séisean é ó Aodh Ó Dochthartaigh a fuair bás 'san bhliadhan 1887). Doireaschlaidhe- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Derriscligh, Co. Donegal