Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 329
- XML “Fear an Tearmainn agus an Seachrán a Tháinig air”
- XML “Cailín Chlochán Liath agus an Salann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht é ag rith leis fríd na beanntrácha a’s uile agus fear an Tearmóinn ag iarraidh ‘bheith na ‘dhiaidh.
Bhí siad mar sin go dtí an mhaidín a’s se’n áit a rabh siad thíos ins na meillte gainimh os coinne Carraig Áirt. Bhí siad ‘na suidhe annsin a’s níor aithin a’n dhuine acu cá h-áit a bhí siad. Chonnaic siad Carraig Áirt ach níor aithin siad é. Chonnaic siad fear ag teacht ó na Dúnaibh le beathach a’s carr agus dubhairt siad le na chéile go bh’fhiafrochadh siad de’ cé’n báile sin thall. D’innis an fear dobhtha ainm an bhaile agus arsa séisean. “Caithfidh sé go dtainig sibh giota maith nuair nach bhfuil fhíos agaibh Carraig Áirt”. Thainig muid giota maith” arsa fear an Tearmóinn. D’imthigh an seachran diobhtha annsin agus thug siad buidheachas do’n fhear. Annsin, chuaidh ‘ach a’n dhuine a bhaile.
[D’innis Pádraig Ua Gallchobhair an sgéal seo, a’s fuair seisean é ó Antoine Ua Gallchobhair a fuair bás ‘san bhliadhain 1888]. Doireáschlaidhe. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Derriscligh, Co. Donegal