School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 326
- XML “Beirt Fhear Dhall”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'san cheanntair sin. Sheas an sagart tamall ag cainnt leis an fheirmeor óg.
"Ta eagla orm," arsa'n sagart leis, "gur tusa an fear a ghoid an bearadh oidhche ón t-sean-fhear dall Domhnach amhain tá cupla bliadhan ó shoin."
"Is mé go deimhin" arsa'n fermeár.
An rabh moran airgid ins an bhearad oidhche? arsan sagart. "Níl fhios agam caide'n méad a bhí ann. Bhain mise trí cead punta as agus tá tuilleadh ann go foill arsa fear óg.
"Tabhair damh-sa am bearadh oidhche" arsan sagart. Thug an feirmeor do é. Nuair a chuaidh an sagart abhaile chuir sé sgéala chuig an fhear dall go rabh gnoithe aige leis. Thainic an fear dall gan mhoill. Fuair mé do bhearadh oidhche acht ta cuid de'n airgid caithte, arsa'n sagart.
"B'feidir go bhfuil go leor ann," arsan sean fear.
"Caidé an meud a bhí agat 'san bhearad?" arsan sagart.
Níor chunntas mé ariamh é atsa'n fear dall.
"Tá trí ceud punta an fos," arsan sagart.
"Maith go leor," arsa'n fear wile, táim sásta go leór agus "bheirim maitheamhnas do'n te a caith an chuid wile de agus go rabh ráth agus bláth ortha.(continues on next page)- Collector
- Máire P. Ní hAelfeartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Knocknabollan, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Loughaskerry, Co. Donegal