School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 344](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1081%2FCBES_1081_344.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 344
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 344
- XML “An tArdléitheoir Ua Frighil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teine ann fhad is bhéadh sé i nÉirinn.Phill sé na bhaile annsin agus chuir suas leis an ordú a fuair sé. Chodluigh sé i gcomhnuidhe i mbóithigh no dtoighthe amuigh.
Nuair a thiocfadh an bás ar a'n duine thiocfadh sé gan teachtaire gan cuireadh chuca. Ar an doigh sin chuir sé isetach seal fada ameasg na ndaoine.
Tobar an Dúin.Nuair a thosaigh sé a dheanamh Tobar a' Dúin ghuidhe sé Dia ma bhí sé da réir A thola, an Tobar a dheanamh annsin, É miorbhailte a thaisbeaint do.D'fhág sé an Roimh le déifre mór agus caide tharla ach gurbh fhág se a chroisin (bata) droighin 'na dhiaidh.Anois nuair a thoisigh sé ag deanamh an Tobair, thainig an croisín aníos chuige fríd an talamh, ag bun Chreag an Dúin. Bhíos aige anois gurbh é seo an aite a bhí leagtha amach ag Dia an tobar a bheith deanta.Chaith sé ocht lá dhéág annsin ag deanamh an Tobair. Nuair a chríochnuigh sé an obair dubhairt sé gurbh fhág sé an rud deanta a leigheasfadh gach aon duine a chuirfeadh a ndochas ann, acht an bás amhain.(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Curraoin, Co. Donegal