Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)

Suíomh:
Termon, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh Ó Duibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 408

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1081, Leathanach 408

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tearmonn
  2. XML Leathanach 408
  3. XML “Leacacha Cholm Cille”
  4. XML “Sióg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Fear agus a bhean a bhí na gcomhnuidhe ins na sléibhtí i bhfad ariamh o shoin. Cha rabh aca ach sean bhó amhain.
    D'imthigh an fear 'un aonaigh ag breacadh an lae leis an t-sean bhó. Ar an bhealach connaice as (?) dó go rabh sé ró luath. Cheangal sé an bhó do thoir dhroighin dhuibh. Shuidh sé. Dhearg a phíopa. Le sin baineadh mealladh as.
    Léim sídheóg anuas ar dhruim na bó. D'éirigh an fear. Bheir greim mhuineail ar an t-sídeóig, (?) Bhagair nach leigfeadh sé cead a cinn leithe go dtabhairfeadh sí croc Óir dhó. Ach mo bhagair fein ní rabh an buaidh leis go foill.
    "A dhuine na gcarad," arsa sise, "nach breagh an buideal é sin ar do chul."
    Leig seisean amach í. Dhearc thart. Chá rabh an buideal le fághail. Bhí an tsídheóg callte. Thoisigh seisean a chaoineadh. Bhí truaighe aici air. Chuir sí ceist air goide a bhí cearr.
    D'innis sé díthe, "Bhal," ar sise," mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.