Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 409
- XML “Sióg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thomhasann tú mo ainm-se bhéirfidh mé sin duit. Pill na bhaile. Na díol do bhó. Tar ar ais annseo ag an mheadhon oidhche.Phill sé na bhaile. Bhí a bhean ar na daoraibh. Chun faradh na faillte a chuir sí roimhe.D'fhág sé an teach go mall, mall. Tharraing ar an droighean dubh, ach mo tharraing fein ní rabh sé saor de chrioch-eagla.Shiubhail sé go faithcheallach. Shomruigh sé na sídheóghaí ag damhsa thart fa'n tor. Chuir sé cluas le éisteacht air fein. Chuala sé sideóg amhain a' rádh, "Ca dtomhasann sé m'ainm - "hi dum didhil" go brathach. Ar aghaidh leis ins n (?) fathach fásaigh, gur shroic sé an tor dubh.Cuireadh fearadh na faillte roimhe. Annsin chuir sídheóg bheag (bhreabhsanta) céist air an dtiocfadh leis a h-ainm a thomhas.
"Máise chan Padraig, no Séamus, nó Feidhlimidh, thú; ar sé ag leigint air fein na rabh fhios aige.
"Ca dtomhaistheá a choidhche é," ar sí.
"Nil fhios agam fa sin," ar sé. Ar ndóighe a sídheogh bheag laghach is tú "hi-dum-didil."
"Tá an bhuaidh leat, agus ó tharla gur mar sin atá, seo chugat Croc Oir."
Thug seisean buidheachas díthe i dteangaid ársa uasal a thíre. Phill na bhaile. Cuireadh fearadh na faillte roimhe. Agus chomhnudhe sé fein agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall