School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- Termon, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 411
- XML “Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dialloid, agus as go brathach leó ins na fáthach fásaigh.Ar a mbealach d'innis siad do, go rabh sin cú ceangalta, i gcois na leabtha, ag nighean an tighearna tailimh; agus narbh fhéidir nighean an Tighearna a fhuadach go sgaoilfeadh duine saoghalta an cú. Thug Tadhg isteach sin a dheanamh agus cha rabh i bhfad gur shroic siad Connacht, gur sgaoileadh an cú agus gur fhuadadh nighean an tighearna talaimh.Ar a mbealach 'na bhaile rinne na sidheógaí sealaidheacht. Thug fear amhain aca i ar a chúlaibh go Sligeach, fear eile go Srath-an-Urlair. D'iarr Tadhg cead í a thabhairt go Letirceanainn, agus fuair.
"Anois arsa Tadhg is liom-sa í."
Bhuail fear aca smitín uirthi, a d'fhág bodhar agus balbh í.
"Bíodh sí agat" arsa seisean.Chonghbhuigh seisean i go ceann bliadhna, ach mo chonghbhuigh fein níor labhair sí agus níor chuala sí i dhath ar feadh an ama.Bhóg sé amach oidhche Shamhna agus tharraing ar an lios. Ag doras na leasa chuala sé sidheóg a rádh go rabh buideal beag os cionn an dorais a leigheafeadh nighean an tighearna. Isteach leis, no bhí fios a bhealaigh aige le fada 'n lá. Bhagair sé ortha go síobfadh sé an lios ins na speirthí mar dtabhairfeadh (?) siad an buideal do. Tugadh do an buideal.Phill sé 'na bhaile. Leigheafeadh ar an bhomaite í. Bhí luthghair an t-saoghail uirthi fein agus ar a mháthair-sa (?)(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Aodh Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Srath Greadaithe, Co. Donegal