School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 456
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí inghean amháin aici. Ní leigfeadh an mháthair d'on cailín rud ar bith a dhéanamh.”
(continued from previous page)an mháthair, “níl agam acht í agus ca dtig liom í a chongbhailt ó bheith ag obair, agus bíonn eagla orm go bhfuighidh sí báis leis an mhéid oibre a ghnídheann sí, agus b’éigean damh í a bhuaileadh”. Dubhairt mac an Rí leithe “nar chóir duithe í a bualfadh agus dubhairt sé. Sin an ceanal cailín ba mhaith liomsa a bheith agam mar mhnaoi, agus leag liomsa í go bhfeicfidh mé an mbéidh mo mháthair sásta léithe agus ma bhíónn pósfaidh mé í. Leag an bhaintreabhach an inghean le mac an Ríogh. Thug sé an cailín ag na mháthair, agus dinnis sé duithi caidé mar fuair sé í. Lá ar na bhárach chuir máthair mac an Rí an cailín isteach i seomra mór a bhí lán de líon agus díarr sí ar an cailín an líon a bheith uilig sníomhtha roimh an oidhche. D’imthigh an mháthair agus d’fág sí an cailín astoigh sa tseomra. Ní rabh an cailín ábalta é a sníomh agus thosuigh sí ag caoineadh. Ach sa deireadh mhothuigh sí bualadh ag an doras. Fosgladh an doras agus cé tháinig isteach ach bean agus spág mór uirthi. “D’Fiafruigh sí don cailín cá tuige a rabh sí ag caoineadh. Dubhairt an cailín nach rabh sí ábalta an líon a sníomh agus dá mbéadh sí ábalta é a sníomh phósfadh mac an Rí mé. Sníomhfaidh mise é as an bhean ma bheireann tú cuireadh na bainse damh. Bhéarfaidh cinnte arsa an cailín. Thosuigh an bhean ag sníomh agus ní rabh sí a bhfad go rabh deireadh sníomhtha aici agus dimthigh sí amach ar an doras arais. Ins an tráthnóna tháinig an bhean eile isteach agus bhí lúthghair mór uirthi nuair a chonnaic sí an líon uilig sníomhtha. Lá ar na bhárach tugadh isteach go seomra mór eile í agus(continues on next page)- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Female