School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 459
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin. Tugadh na cúirte é cionnus gur ghoid sé rud eiginteacht. Bhí dlighadeoir aige. Dubhairt sé leis “Nuair a rachas tú isteach, agus nuair a labharfas an breitheamh leat toisigh ag feadalaigh. “Nuair a chuaidh sé isteach chuir an breitheamh ceist air thosuigh sé ag feadalaigh, agus rinne sé sin le achan nduine. Diarr an breitheamh ar a ghabháil na bhaile nó nach rabh sé i gceart. Tháinig an fear amach. Bhí an dlighadeoir amuigh fosta. Dubhairt sé leis anois leig mise saor thú agus tá gíní a dhith orm. Thosuigh an fear ag feadalaigh. Ó a deir an dlighadeoir. “Níor shíl mé go rabh tú comh críonna sin.- Collector
- Caitlín Nic Fhloinn
- Gender
- Female
Seanscéal
“bhí gasúr beag dar b'ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche.”
Sean Sgéal.Bhí gasúr beag dar b’ainm Séarlas. Ba ghnáth leis a bheith amuigh go mall achan oidhche. Oidhche amháin nuair a bhí sé ag teacht trasna na-h-abhna chonnaic sé an bhean roimhe. Labhar sí leis agus arsa sise, “Bí ag Carraig-na-Rón ins an oidhche a mbárach. Ar maidin lá ar na bhárach chuaidh Séarlas ag an tsagart agus d’innis an sgéal do. Thug an sagart bonn do. “Sé an sean-bhoc a bhí ann arsa an sagart. An oidhche sin chuaidh sé go dtí na carraige amach as a choinne chonnaic sé an fear dubh. Chonnaic se an ruball agus na crúba agus bhí fhios aige gur an diabhal a bhí ann.(continues on next page)