School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 471
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósaidhthe.Ba gnáth leis na daoine pósadh fadó roimh an Chorgas. Ba ghnáth leobhtha bainéis mór a bheith aca. Ba ghnáth leis an lánamhain a gcuid comarsanaí a iarraidh go teach na bainse. An lá a bpósaidhe an lánamhain rachadh na daoine a bhéadh iarraiste na bainse rachadh siad uilig ann a bpéireannaí go teach an phobal agus bhéadh fidlear ag seinm rompa go teach an phobal, agus ag teacht arais dóbhtha bhéadh sé ag seinm arais. Oidhche na bainse ba ghnáth leobhtha teine a bheith taobh amuigh d’en teach agus iad ag bruith feól agus préataí annseo. Na daoine a bhéadh astoigh bhéadh siad ag ól agus ag damhsa agus ag dul a chéol agus ag mairsteán an saoghal úr don lánamhain. An duine bhéadh gabhail a ól an biotáilte deireadh sé. Seo sláinte do a bhfuil annseo le cois an méid daoine atá thart fan tábla gan ag déanamh dearmad den lánamhain óg agus pósfaidh mise comh gasta agus thig liom. An Domhnach i ndiaidh an lánamhain a phósadh rachadh na daoine céadna amach na bpéireannaí arais. Ag teacht na bhaile on Aifreann dóbhtha chruinniughadh siad ó na fir a bhí ag an bhainéis agus rachadh siad go teach leanna. Cheannóchadh siad uisge beatha annseo agus bhéarfadh siad go teach duine da gcuid daoine muinnteardha agus d’ólfadh siad agus cheólfadh siad annsin go Maidin. Annsin rachadh siad na bhaile.
- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female