School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 472
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí beirt ghasúr ag teacht on sgoil tráthnóna amháin. Bhí siad ag dul thart ag abhaill.”
Sean Sgéal.Bhí beirt ghasúr ag teacht on sgoil tráthnóna amháin. Bhí siad ag dul thart ag abhaill. Shíl siad na rabh an fear ar leis an abhaill sa bhaile. Shíl siad nach mbéadh dhath de mhoill ortha dornán de na h-ubhlaí a fhághail. Isteach leobhtha san abhaill go h-an fhaithchilleach go dteachaidh san fhad le cóirneál an gharaidh. Dhreapuigh gasúr amháin aca suas ar crann. Seasuigh an gasúr eile ag bun an chrann. Bhí an gasúr a bhí thuas ar an chrann ag baint na n-ubhall. Shíl siad nach bhfacaidh fear an toighe iad. Tháinig fear an toighe isteach san abhaill agus slat mór leis. D’imthigh an gasúr a bhí ag bun an chrann ar. Chaith an gasúr a bhí shuas sa chrann cúpla ubhall anuas. Shíl sé go rabh an gasúr eile ag bun an chrann agus dubhairt sé, “Sin cúpla ceann agatsa. Bhí slat mhór fhada ag an fhear agus thug sé cúpla buille millteanach do isteach ins na luirgneacha. Seadh arsa an fear agus sin cúpla ceann agatsa. Tharraing sé anuas ón crann é, agus dubhairt sé. Má bheirim ort san abhaill seo aríst. Ní cúpla ceann a gheobhas tú ach céad ceann.- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Male