School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Teaghlaigh i mbaile Árd-Báta.Dhá theaghlach dhéag atá i mbaile Árd-Báta. Seo a n-ainm. Teaghlach Mhuiris Mhac Fhloinn, agus Gráinne Nic Fhloinn. Seo ainm a athair agus a máthair. Cúig ingheanach agus beirt mhac atá ann
Ainmneacha na gcailín. Máire, Anna, Róise, Bríghid agus Gráinne. Ainmneacha na mac. Pádraig agus Aodh. Tá a n-athair agus a máthair beo, agus níl an teaghlach iongantach sean.Clann Caitlín Ní Bhaoighill agus Pádraig Ó Bhaoighill. Dhá inghean agus ceithre mac atá ann. Ainmneacha na inghean, Anna agus Máire. Na Mic, Aodh, Pádraig, Peadar agus Eoghan. Tá Anna, Pádraig agus Peadar marbh. Tá an mháthair beo, agus tá an t-athair marbh. Tá cuid d’en teaghlach seo measardha sean.Clann Phádraig mhac na Midhe agus Caitlín mac na Midhe. Beirt mhac agus inghean amháin atá annseo. Anna an t-ainm a bhí ar an inghean, agus Pádraig agus Liam an t-ainmn a bhí ar na mhic. Tá an teaghlach seo measardha sean. Tá an t-athair agus an mháthair marbh.(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Néill
- Gender
- Female