School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 510
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Ainmneacha agus Leasainmneacha i dTír Chonaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ólainn aca. Tá dhá áit ar an chárda fáchoinne gréim a fhágail air le do lámha. Tá fiachla ar an taobh eile leis an ólann a chur air. Ghnídh siad é a chardál annsin. Annsin ghnídh siad rollae de. Ghníodh siad snáth de annsin ar an túirne. Tá an t-snáth fáchoinne ghiosán agus stocaí a dhéanamh. Fadó ba gnáthach le chuid mhór ban cruinniughadh go teach amháin agus toiseachtrag cardáil. Bhí cuid aca ag sníomh. Nuair a bhéad siad ag cardal cúpla uair thiocfadh buachaillí an bhaile isteach agus thoiseochadh an damhsa. Chaitheadh siad uair ag damhsa. Sul a dtoiseóchadh siad ag damhsa dhéanádh siad an tae. Róise Nic Néill.
- Ainmneacha agus leasainmneacha i dTír Chonaill
Bhí fear ins an pharráiste seo a mbliain an tSamhraidh Dhaor (1817) agus Duinidín an t-ainm baistidh a bhí air. Ainmneacha eile atá gearr-annamh fá láthair ins an Ghaedhealtacht fhéin Giall, Fear Dorcha, Dubhaltach, Tuathal, Ruaidhrí, Marcas, Maol Mhuire, Art, Cathaoir, Feargal, Pártálán, Laoighseach, agus Macadán. P Mac A.