School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oídhche Fhéile Bríghde in mó Cheanntar FhéinTuitheann Oídhche Fhéile Bríghde ar an oidhche dhéireannach de Eanair. An oidhche sin ghnídh na daoine bruitín fá choinne an t-suipéara. Ghnídh siad crosógaí an oidhche sin in onóir do Naomh Bríghid. Cuireann siad feargha isteach i gcliabh agus giota éadaigh agus fágann siad taobh amuigh d'en doras é. Annsin suidhfidh gach duine 'un bidh. Nuair a bhíos sin déanta acu rachaidh duine d'en teaghlach amach go dtí an áit a bhfuil an cliabh agus déirfeadh sé os árd. "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh fosclaigidh bhur súile agus leigigidh isteach Bríghid." Déirfeadh na daoine atá astoigh "Se beatha." Déirfeadh an té atá amuigh an rud céadna arais. "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh fosglaigidh bhur súile, agus leigigidh isteach Bríghid." Déirfeadh an té atá amuigh an rud céadna arais agus déirfeadh an té atá (amuigh/istoigh) (an rud ce). "Se beatha na mná uaisle." Thigeadh an té atá amuigh isteach annsin agus an cliabh agus a bhfuil ann leis. Bratóg Bhríghde a tugtar ar an giota éadaigh. Caithidh gach duine giota de le iad a shabhall i rith na bliadhna. Cuireann na daoine cros suas ann achan seomra agus in achan boitheach le gach duine agus(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female