School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
![The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 539](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_539.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 539
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 539
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Tháinig beirt Lochlannach go hÉirinn fad ó shoin mar gheall rún déanta beórach a fhághail.”
(continued from previous page)mhaith liom da bhfanóchadh sibh seachtmhain san áit seo. Bhí na Loclannaigh sásta leis an cuireadh seo agus ar feadh na seachtmhaine bhí comhradh aca. Lá amháin leis an t-athair nuair a bhí sé leis fhéin. Dhinnis an t-athair dóibh fá deireadh go dtabharfadh sé an rún dobhtha ar choingbhill amháin. Caidé do choingbhill arsa seisean. Caithfidh sibh mó mhac a mharbhadh ar daís arsa seisean. Ní maith linn dul dá mharbhadh ársa na Lochlannaigh”. Ach mas rud é mac dtigh linn an rún a fhághail ar dóigh ar bith eile. Níl. Níl teacht as againn Níl dóigh ar bith eile arsan an t-athair. Bhí comhrádh fada ag na Lochlannaigh an oidhche sin. Ma chuireann muid an mas chun báis arsa fear aca “thig leis an athair duiltu aon chineal aon tuirisge a thabhairt dúinn (innist) tá sin fíor arsa an fear eile. Cead againn innist don mhac an rud a dubhairt an athair. Nuair a chualaidh an mac caidé mar bhí. Thug sé isteach an rún a dhíol ar mála óir agus mála airgid. Bhí sé na fhear shaidhbhir go bráth na dhiaidh. Ach thuit an athair marbh nuair a chualaidh sé go rabh an rún ag na Lochlannaigh.- Collector
- Caitlín Nic Ghloinn
- Gender
- Female