School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0067
- XML “Scéal”
- XML “Tomás na gCloch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig síad go bruach na h-abhainn chaith "Hughie" an mála gainimhe isteach ins an abhainn. "Tá mé sásta anois" ars an t-easbog. "Gabh abhaile anois". Bhí an mála píghneacha ag "Hughie" nuair a chuaidh sé abhaile agus bhí sé ag ól go ceann bliadhna.
- Tomás na gCloch.Bhí fear dar bh'ainm Tomás Ó h-Oisín, Tomás na gCloch a tugadh air in a chomnaidhe i mBun-an-Tobar in aice "Abhainn Bháidhte" agus tá lorg a' tíghe ann fós. Saor cloiche a bhí ann agus fear an-láidir a bhí ann. Bhí deirbhshiúir aige agus bhí sí níos láidre ná é. (Bhí) Máire Mhór na gCloch a tugtaoi uirthi. Bhí Tomás ag dul go Gaillimh lá ag marcaigheacht ar chapall. Thart an sean-bhóthar Baile Chláir a bhí sé ag dul agus Máire Mhór taobh thiar de ar chúl an philín. Ag dul anuas droichead Baile Chláir, b-shin é an t-am a bhí sé ghá dhéanamh. Bhí ceathrar fear ag cur cloiche móire suas ar chaisil an droichid. Chlis sé orra (iad) é a chur suas. "Gabh aníos a Mháire" arsa Tomás "agus chuir suas an cloch dhóibh". Thúirling Máire de’n capall. Clóca bréidín a bhí uirthi agus chaith sí a sgirta síar fé na h-ascall. Chrom sí go dtí an cloch agus leag sí suas í. Le méid an(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chuinneagáin
- Gender
- Female
- Address
- Bunatober, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cuinneagáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Bunatober, Co. Galway