School: An Clochar, Áth Cinn
- Location:
- Headford, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr Máire Pól Ní Cheanndhubháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Áth Cinn
- XML Page 0092
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Áit an uaigneach iargculta seadh Cnoc Maighe leath bhealaigh idir Tuaim is Áth Cinn. Tá dhá charn cloch ar bhárr an chnuic agus deirtear go bhfuil Maebh bainríoghan Connacht, is Fionn bhearra Rí na sídheóga curtha fútha.
Bhíodh na sídheóga nó na daoine maithe in-a gcomhnuidhe ann fadó, agus téigheadh síad ar fuid na tíre ag goid na ndaoine n-óg. Oidhche amháin, nuair a bhí fear as Co. Mhuigheó ar teacht abhaile tar-éis bheith ar cuairt chonnaic sé sgata ag teacht chuige is íad ag iomchur cónra. Nuair a chonnaicheadar seisean ag teacht, leagadar aníos an cónra, is as go bráth leo as radharc. "Na, daoine maithe atá ann," ar seisean," leis fhéin, agus bhí go cinnte.
Fear misneamhail a bhí ann, shiubhail é chuig an gcónra is cé d'feicfeadh sé ann ach cailín óg dathamhail, is í caillte mar a shíl sé ar dtús. Tar-éis a láimh a chur(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caherlustraun, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Chathasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Caherlustraun, Co. Galway