School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
![The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0018](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0042%2FCBES_0042_0018.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0018
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ach ar an nóiméad sin d'airigh sí torann ins [an ] aer agus ar fhéachaint suas di chonnaic sí solus mór, álúinn agus é ceithre troighthe déag thar a ceann. Dubhairt sí go raibh an solus cosamhail lé naoidheanánín bheag, tuairm is dá throigh ar fha[d] agus bhí sé chomh geal lé lá ins an áit si[n] nuair a bhí an rud seo ag dul thart.
Lean an solus seo bóirín a bhí ag dul go Cill Ghaibhrín agus as sin go Cill Mheadhon. Tháinic uaigneas mór ar an mbean nuair a d'imthigh an solus seo agus níor stad sí de'n rith gur shroich sí a teach féin. Oidhche eile chonnaic an bhean céadhna fearín beag buídheach i n-aice lé Clais na Spoince agus d'imthigh sé as amharc tareis í a thabhair s[ ] 'san gchlaidhe agus cúpla cor a bhaint di. Dubhairt sí in n-a dhiaidh sin gur chualaidh sí torann [m ] í gClais na Spoince tar éis sgaramhaint leis an tsean-fhir.
Bhí an torann chosamhail lé torann a chlointheá i gceardchain agus tháinic sé amach ó'n sean-fhothrach.
Oidhche eile bhí fear óg ag teacht abhaile tar éis cuairt í dteach chomhursan. Thar clais na Spoince a bhí sé ag dul agus d'airigh sé spapaireacht ins an bpáirc agus bhí solus aisteach as an sean-fhothrach [Shea ](continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female