School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0018

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0018
  3. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ach ar an nóiméad sin d'airigh sí torann ins [an ] aer agus ar fhéachaint suas di chonnaic sí solus mór, álúinn agus é ceithre troighthe déag thar a ceann. Dubhairt sí go raibh an solus cosamhail lé naoidheanánín bheag, tuairm is dá throigh ar fha[d] agus bhí sé chomh geal lé lá ins an áit si[n] nuair a bhí an rud seo ag dul thart.
    Lean an solus seo bóirín a bhí ag dul go Cill Ghaibhrín agus as sin go Cill Mheadhon. Tháinic uaigneas mór ar an mbean nuair a d'imthigh an solus seo agus níor stad sí de'n rith gur shroich sí a teach féin. Oidhche eile chonnaic an bhean céadhna fearín beag buídheach i n-aice lé Clais na Spoince agus d'imthigh sé as amharc tareis í a thabhair s[ ] 'san gchlaidhe agus cúpla cor a bhaint di. Dubhairt sí in n-a dhiaidh sin gur chualaidh sí torann [m ] í gClais na Spoince tar éis sgaramhaint leis an tsean-fhir.
    Bhí an torann chosamhail lé torann a chlointheá i gceardchain agus tháinic sé amach ó'n sean-fhothrach.
    Oidhche eile bhí fear óg ag teacht abhaile tar éis cuairt í dteach chomhursan. Thar clais na Spoince a bhí sé ag dul agus d'airigh sé spapaireacht ins an bpáirc agus bhí solus aisteach as an sean-fhothrach [Shea ]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female