School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0040
- XML “An Maistreadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus seo sgéal faoi rud a thárla do mo shean-mháthair mhór. Bhí sí ag déanamh maistreadh lá agus tháinic sean-bhean de muintear na h-áite isteach chuici. D'iarr sí píosa de'n im gan salann agus thug [mo] shean-mháthair mhór sin di. Bhí go maith 'is ní ra[ibh] go h-olc.
Bhí bean-an-tighe ag déanamh maistrea[dh] cúpla lá i n-a dhiaidh agus dá mbeadh sí dá dhéanamh ar feadh an lae ní thiofadh blúire ime a[ir?]. Annsin chuimnigh sí ar an sean-bhean agus chuaidh sí go dtí a teach agus d'fhiarruigh sí uirri an raibh blúire de'n im a thug sí di aici fós. Tráthamhail go leór bhí píosa de fág[tha] aici agus thug mo shean-mháthair léi é. Ní túisge a chuir sí ins an gcoinneóg í ná tháinic measgán mór ime amach as an mbainne.
Gach uair a thagann stráinséar isteach í dteach a mbíonn maistreadh d[a] dhéanamh ann cuireann siad ialach air cú[p]lá buille a thabhairt do'n bhainne leis an luithne ar eagla go ngoidfeadh sé a[n] t-im. Chualaidh mé mo shean-mháthair ag rádh go raibh girrfhiadh ann fadó thar[t] ar an áit seo agus go ndíuladh sé an bainne as ugh na bó. Ní mharbhóchadh piléar ná aon rud eile é ach aon lá amháin chuir(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Gender
- Male
- Address
- Clashaganny, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Coisdealbha
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- Clashaganny, Co. Galway