Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0040](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0042%2FCBES_0042_0040.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0042, Leathanach 0040
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus seo sgéal faoi rud a thárla do mo shean-mháthair mhór. Bhí sí ag déanamh maistreadh lá agus tháinic sean-bhean de muintear na h-áite isteach chuici. D'iarr sí píosa de'n im gan salann agus thug [mo] shean-mháthair mhór sin di. Bhí go maith 'is ní ra[ibh] go h-olc.
Bhí bean-an-tighe ag déanamh maistrea[dh] cúpla lá i n-a dhiaidh agus dá mbeadh sí dá dhéanamh ar feadh an lae ní thiofadh blúire ime a[ir?]. Annsin chuimnigh sí ar an sean-bhean agus chuaidh sí go dtí a teach agus d'fhiarruigh sí uirri an raibh blúire de'n im a thug sí di aici fós. Tráthamhail go leór bhí píosa de fág[tha] aici agus thug mo shean-mháthair léi é. Ní túisge a chuir sí ins an gcoinneóg í ná tháinic measgán mór ime amach as an mbainne.
Gach uair a thagann stráinséar isteach í dteach a mbíonn maistreadh d[a] dhéanamh ann cuireann siad ialach air cú[p]lá buille a thabhairt do'n bhainne leis an luithne ar eagla go ngoidfeadh sé a[n] t-im. Chualaidh mé mo shean-mháthair ag rádh go raibh girrfhiadh ann fadó thar[t] ar an áit seo agus go ndíuladh sé an bainne as ugh na bó. Ní mharbhóchadh piléar ná aon rud eile é ach aon lá amháin chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Coisdealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coisdealbha
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clais an Ghainimh, Co. na Gaillimhe