School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0094
- XML “An Deachú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i n-an thú chur ar an eolas is eisean é."
D'imthigh leis agus an trathnóna ceadna chonnaic sé uaidh teaichín beag agus é déanta isteach i móta claidhe. Tharraing sé air agus bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Fiafruigheadh de cá raibh sé ag dul.
"Táim ag dul ar thóir an deachmhaidh", ar seisean. "Muige maise" ars an maor "tá a leithide ann, inghean an rí. Acht tá deachmaidh is fiche ar a tóir agus níor éirigh le áon fhear a cruthuigheadh ariamh teacht i na haice ach a h-athair féin A dáreag deirbhsiúr ní leigeann sí i na h-aice íad agus is deacair dhuitse a teacht chuice. Acht déanfaidh mise mo dhicheall dhuit. Is tusa an céad fear a tháinig annseo chugam-sa agus cuirfidh mé ar an eolas thú."
"An bhfeiceann tú an loch sin amuigh?" ars an maor leis "Beidh sí féin agus a cuid deirbhsiur amuigh ar an loch amarach - Bíonn síad ann chuile lá. Béidh an dáreag deirbhsiúr ag snámh le na chéile agus béidh seise uatha amach. Téirigh tusa i bhfolach agus feicfidh tú an dáréag deirbhsiúr agus leagfaidh síad a gcuid eadaigh i náon chnap amháin ag [!] leagfaidh an deachmhaidh a cuid eadaigh féin amach uatha agus núair a bheas síad amuigh ag snámh goid thusa an t-eadach an ar fa[d] uatha."
"Béidh síad ar siubhal go ndéanaidh síad impidhe ort an t-eadach a thábhairt di agus tiocfaidh sí féin ar deireadh thíar agus iarrfaidh sí a cuid éadaigh ort".
Lá'r na bharach thuit(continues on next page)- Collector
- P. Ó Díscín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheál Halliday
- Gender
- Male
- Address
- Dalgin, Co. Galway