School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0093
  3. XML “An Deachú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar seisean. "Ní tóir gan duaidh atá ort má's fíor a gcloisim mar níl deachmhaidh bean sa rioghacht ach deachmhaidh amháin agus sí inghean an rí í, agus maor dá chuid maor mise"
    "Is cuma liom duaidh ná gan duaidh acht ní stopfaidh mé go bráth go dtéidh mé comh fada leí", ars an deachmhaidh. Thug an fear leabaidh dhó. Ar maidin labhair sé leis.
    "Tá dearbhráthair domsa" ar seisean "i na mhaor do'n righ i bhfoisgeacht aistir lae uait agus má théigheann tú comh fada leis cuirfidh sé ar an eolas thú.
    D'imthigh leis agus tráthnóna chonnaic sé uaidh bothán beag agus é déanta isteach i móta chlaidhe. Chuaidh sé gur bhuail sé ar an doras agus leigeadh isteach é. Fiafruigheadh dhe cé raibh sé ag dul.
    "Táim ag dul" ar seisean "ar thóir an deachmhaidh".
    "Tá tú a dul ar thóir trioblóide" ars an fear leis "níl de deachmhaidh bean sa rioghacht a bhfuil tú do sheasam ann ach deachmhaidh amháin agus sí inghean an rí í agus tá deachmhaidh is fiche i na tóir. "Is cuma liom" ar seisean "ní stopfaidh mé go dtéighidh mé chomh-fada leí."
    Thug an maor leabaidh dhó agus ghabh sé a chodhladh agus dhúisigh sé go moch ar maidin agus d'éirigh sé. Thug an fear a bhreicfeasta dhó agus dubhairt leis "Tá dearbhrathair domsa siubhal lae uait agus má tá duine ar bith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    P. Ó Díscín
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Micheál Halliday
    Gender
    Male
    Address
    Dalgin, Co. Galway