School: Baile an Mhuillinn (B)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Pádraic Ó Discín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Page 0106
- XML “Leipreacháin agus Fathaigh agus Taibhsí”
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)--
- Sgéal faoí thaidhbhse
Bhí fear ann fadó darbh ainm Peaitín Shéamuis. Sgéalaidhe maith do bá eadh é. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag innseacht sgéalta faoí taidhbhisí. Bhíodh sé í gcomhnuidhe ag innseacht do na daoine nuair a geobhadh sé bás go b'fheiceadh síad é aríst nuair a bheadh sé caillte. Ar deireadh fuair sé bás agus chuaidh go leor daoine go dtí a teach an oidhche sin. Cheap an chuid is mó aca nach raibh sé marbh ar chor ar [bith?] ach bhí agus cuiread lá ar na bhárach é.
Seachtmhain no dhó ina dhiaidh sin bhí cúpla buacaill ag teacht as teach na gcuart agus chuala siad gleó isteach fá'n mballa. D'fheach síad isteach agus céard do bhí ann ach Peaitín Shéamuis agus do rith síad chomh tapaidh is bhí síad inann go dtí an teach cuairte aríst agus ní raibh síad inann cainnt nuair a shroich síad é.
Cúpla nomat ina dhiaidh sin d'fhéach ceann dé ná buachaillí amach an fhuinneóig agus céard a d'fheiceadh sé ag féachaint isteach ach Peaitín Shéamuis. Chnag Peaitín ar an b'fuinneóig trí huaire annsin agus d'imthigh sé. Bhí an-faithchíos air na buachaillí ag dul abhaile agus lá ar na bhára[ch] thug síad cúpla sgilling do'n sagart lé aifreann a rádh dé Peaithín.(continues on next page)- Informant
- Miceál Ó Catháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Pollaturick, Co. Galway