Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- Suíomh:
- Baile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraic Ó Discín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Mhuillinn (B)
- XML Leathanach 0106
- XML “Leipreacháin agus Fathaigh agus Taibhsí”
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)--
- Sgéal faoí thaidhbhse
Bhí fear ann fadó darbh ainm Peaitín Shéamuis. Sgéalaidhe maith do bá eadh é. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag innseacht sgéalta faoí taidhbhisí. Bhíodh sé í gcomhnuidhe ag innseacht do na daoine nuair a geobhadh sé bás go b'fheiceadh síad é aríst nuair a bheadh sé caillte. Ar deireadh fuair sé bás agus chuaidh go leor daoine go dtí a teach an oidhche sin. Cheap an chuid is mó aca nach raibh sé marbh ar chor ar [bith?] ach bhí agus cuiread lá ar na bhárach é.
Seachtmhain no dhó ina dhiaidh sin bhí cúpla buacaill ag teacht as teach na gcuart agus chuala siad gleó isteach fá'n mballa. D'fheach síad isteach agus céard do bhí ann ach Peaitín Shéamuis agus do rith síad chomh tapaidh is bhí síad inann go dtí an teach cuairte aríst agus ní raibh síad inann cainnt nuair a shroich síad é.
Cúpla nomat ina dhiaidh sin d'fhéach ceann dé ná buachaillí amach an fhuinneóig agus céard a d'fheiceadh sé ag féachaint isteach ach Peaitín Shéamuis. Chnag Peaitín ar an b'fuinneóig trí huaire annsin agus d'imthigh sé. Bhí an-faithchíos air na buachaillí ag dul abhaile agus lá ar na bhára[ch] thug síad cúpla sgilling do'n sagart lé aifreann a rádh dé Peaithín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Catháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Poll an tSiúraic, Co. na Gaillimhe