School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0119
- XML “Ciste i bhFolach”
- XML “Scéalta faoi na Toibreacha Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uair. Nuair a tháinig sé isteach d'iarr sé uirthi an fháth go raibh sí ag gáirí, agus dubhairt sé nach leighfeadh sé saor go deo í nó go n-innseócadh sí dó cé'n fáth go raibh sí ag gáire. Annsin chuir sé [?] uirri é a innseacht. Chuaidh an fear amach agus fuair sé trí phota óis in gach garrdha a raibh sé ag obair ann. Chuaidh sé isteach annsin agus caith sé an mhaighdean mhara amach. Bhí fear ar lorg ubh i ngáirdín lá agus chonnaic sé cnóca óir in aice le cloch.Chuaidh sé isteach leis an sgéal a inneacht dá mhuinntir. Nuair a tháinig sé amach leis an ór d'fhágháil bhí sé imthighthe.
Gear i ngort a' buidhe:- Fuair an dear seo croca óir agus ins an aoidhche tháinig na sidheóga. Thosuigh siad ghá buaileadh. Annsin thosuigh a bhean ag easgaine. Dubhairt na sídeóga éithi nach dtiubhrfaidís leo é an oidhche sin, agus chaith siad in aghaidh an bhuird [?] é. Cúpla lá in a dhiaidh sin fuair an fear bás. - Tá tobair i gCathair Gliosán agus sé an t-ainm atá air ná Tobar Mhic Tuadhach. Tá sé ainmnighthe in a dhiaidh Naomh Mhic Tuadhach. Tá ceann i nDún Guaire agus tá an t-ainm céadna air agus fágann daoine piginneacha in a dhiaidh.Tá tobair i gCarcar Hill agus sé an t-ainm atá air na Tobar Naomh Pádhraig. Sé an fáth go bfuil an t-ainm(continues on next page)