School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0122
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sagart i dteach thiar i Connamara fadó ag tabhairt faoisdine uaidh. Nuair a bhí an fhaoisdean thart bhí sé ag dul ag léigheamh Aifrinn do'n phobul. D'fhiafruigh sé a' raibh aon duine sa teach i ndon an tAifreann a fhriotháil.
Dubhairt Domhnall Dearg go raibh sé féin i ndon é fhríotháil.Ba leis an sagart an chéad rud a rádh, agus thosuigh Domhnall annsin. Bhí Domhnall ag cur dhó go ceann píosa fada agus faoi dheireadh dubhairt an sagart leis:
"Ar son Dé dúin do chlab níl fhios agam sa deabhac céard atá tú 'rádh"
"Mh'anam mhuise, a Athair", adeir Domhnall, "go bhfuil mise ar an gcaoi céadna leat. Níl fhios agam sa domhan cé na frétuisí atá tú féin a' rádh ach an oiread."- Informant
- Bairbre Ní Choistealbha
- Gender
- Female
- Address
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Coistealbha
- Gender
- Male
- Address
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway