School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0123
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean SgoileannaMairghréad Ní Chualáin do sgríobh síos.Ó mo shean-mháthair Nóra Ní Chualáin (93) a fuair mé an seanchus seo.
Bhí ceathair nó cúig de sgoileanna thart annseo fadó timcheall ceithre sgóir bliadhanta ó shoin. Bhí ceann in aice le Sgoil na Tullaighe in áit atá Teaimín anois. Sgoláire bocht a bhí ag múineadh ins an Sgoil sin. Ní raibh aon teach áirithe ag an sgoláire bocht. Bhíodh sé aon oidhche amhain i n-éindigh le gach sgoláire agus mar sin a bhí se ag maireachtáil.Ní mhúineadh sé aon ádhbhar ins an sgoil acht Béarla agus bhíodh cláirín beag faoi na smig, ar a dtugaidís Taillí ag na páistí ar fhaithchíos go labharfadh siad aon focal Gaedhilge. Dá labhradh chuirfidhe eangadh ar an tally dóibh agus buailfidhe san sgoil agus sa mbaile iad. Dá gcloisteadh an máighistir iad ag labhairt Gaeilge bhuailfeadh sé go maith iad.Ní bhíodh aon leabhar acu acht aon leabhairín bheag amháín "Primer" a thugaidís uirthi agus ní bhíodh aon rud acu le scríobh air acht slinnte.(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway