School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0203
- XML “Triúr Mac An Rí Agus an Leasmháthair”
- XML “Éadach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)doras agus mise an páiste a bhí aice, agus breathnuigh tá an ladhraicín bainte dhíom, agus is tusa a shabháil mise agus ós tú, gheobhaidh tú na bromaigh agus triúr mac an ríogh in einfheacht leat."
D'imthig leó annsin agus nuair a chonnaic an leas-mháthair a bhí ar bhárr an teampaill ag teacht iad, thuit sí as a seasamh le áthas ar bhárr an teampaill, sgior sí anuas agus marbhuigheadh í. Nuair a tháinig triúr mac an ríogh agus na bromaigh aca go dtí an teampall fuair siad marbh ann í acht ní mórán cumha a bhí aca na diaidh mar is í fhéin a chuir trioblóidh mór sin orrtha fhéin. - "Ní raibh cinneadh ar bith le N. Ní Fh. Bhí an cruas ariamh innti. Bhí an mhaith agus an gríomh innti." (an mhaith 's a' gríomh)
' "Muise cé'n chaoi ar sheas tú é a Nóra?" adeir duine léi, [a' spochadh aisti, mar bhí sí ruidín beag gaisceamhail,] - "Nó cén chaoi ar sheas tú chor ar bith é agus a ndeacha tú thríd?" '.
N. - ' "Tuige nach seasfainn? Péire bróg orm. Ceithre cótaí orm. Cabhail phluide le mo mháthair orm. Agus mo bháinín bán fáisgthe aniar orm! Tuige nach seasfainn," 'Cóta = cóta flainnín tiugh trom mar caithtear i gConnamara fós. (petticoat) Deir Máire go mba gnáthach leis na mná fadó trí cótaí a chaitheamh agus iad ag obair amugh an tríomhadh ceann craptha suas 'un tosaigh agus ceangailte fáisgthe taobh thiar.
Cabhail = bodice
C.P. = déanta as pluid.- Informant
- Máire Ní Leainde
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway