School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh Aifreann dhá léigheamh thuas ar an sliabh in áit arb ainm dó Cloichreadh (Cloichre). Tá an áltóir ann fós, agus sé'n tainm a thugas na daoine air Cloch an tSagairt. Bhí sean-séipéal in Indreabhán fadó agus bhíodh na daoine ó'n gCnoc anoir agus ó Doire 'n Fhéidh aniar ag tigheacht ag Aifreann ann. Tá sean-bhallaí an t-séipéil fós ann.
Tá pluais amuigh ar an sliabh ar a dtugtar a' Chlochair. Tá sgailp mór siar ann agus bhíodh na sagairt ag dul i bhfolach ann. Bhíodh cuid de na daoine thart ag sgéitheadh ar na sagairt agus bhíodh an oiread seo fuagartha ar chloigeann an t-sagairt ag na Sasanaigh mar bhí siad in aghaidh an Chreidimh Chaitilicigh.Thagadh sagart as Árainn chun Aifreann do léigheadh do mhuintir na h-áite seo. Thagadh sé i dtír thíos faoi íochtar na Minne. Thuas i gCloichre a léigheadh sé an tAifrean, ar Charraig an Aifrinn. Ar bruach a' locha annsin tá Coradh an t-Sagairt, ["Cara" an tSagairt] agus pluais a' tSagairt. T.Ó S.- Collector
- Síle Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Indreabhán, Co. Galway