School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0207
- XML “Bád Cholm Cille”
- XML “Toit Chonáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tagann roinnt go mhuinntir Árainn go dtí an tobar lá an phátrúin*. Tá an-mheas ag muinntir Árann ar an tobar mar gheall gur chaith Colm Cille sgath’ dhá shaogal amuigh leób féin.*9 adh lá Meitheamh, lá fhéile Choilm Cille.
- Tá cnocán ar mo bhaile in aice na fairrge agus deirtear go bhfuil saidhbhreas i bhfolach ann. 'Sé an t-ainm a thuganns muid ar an gCnocán Toit Chonáin mar 'sé Conán a chuir an saidhbhreas i bhfolach ann, má's fíor.
Aon lá amháin thug fear an cnocán suas air féin agus sluasad aige leis an saidhbhreas a chuartú. Chart sé an cnocán go maith acht dá mbeadh sé ag rómhar ó shoin ní raibh tada le fagháil aige ach sliogáin agus clocha beaga. An lá d'ár gcionn chuaidh beirt eile ghá chuartú acht nuair tháinic go dtí an áit a bhí cartuighthe bhí cat mór ar bruach an phoill rómpa. Rith siad abhaile le na n-anam agus sílim gur fágadh an saidhbhreas ann ó shoin.Bhí fear ar mo bhaile darbh' ainm dó Tomás Ó Conghaile agus bhí sé ag tigheacht abhaile ó chuairt go deireannach san oidhche agus chonnaic sé solas i ngar dó. Rinne sé ar an solas agus chonnaic sé dabhach óir faoi leic ann. Thug sé leis an dabhach óir acht ar a bhealach abhaile dhó bhuail tinneas é. Bhí an tinneas i gcomhnaidhe annsin air agus ní raibh fhios aige céard do dhéanfadh sé. Chuaidh sé go dtí bean feasa agus dubhairt sise leis an dabhach a chur ar ais san áit a bhfuair sé é. Níor thug sé ar ais é agus ba ghearr 'na dhiaidh sin gur cailleadh é.
Féach lch. 114 - "Toit Conáin."(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Fhatharta
- Gender
- Female
- Informant
- Learaí Ó Biaith
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway