School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
![The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 380b](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_380b.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 380b
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page).......ar an obair sin.
Thóg siad Liam amach as an trucall agus bhain siad na rotha den trucall agus thoruigh siad pócaí Liam go bhfuair siad an ochar agus d'oscail siad an doras agus thug Liam agus an trucall leis agus na rotha isteach sa teach. Annsin chuir siad na rotha ar an trucall. Níor chuala Liam iad mar bhí sé i na shámh codlata. Chuir siad teine ar lasadh fé'n trucall agus chuaidh Tadhg Ruadh amach agus d'fhan Seán Cathach istigh. D'Fhosgail Tadhg an fhuinneog agus chuir sé an uchair isteach ag Seán Cathach agus chuir Seán Cathach i bpóca Liam í agus chuaidh sé féin tríd an fhuinneog agus chuaidh an bheirt aca abhaile go sásta. Maidin lá ar na bhárach chuaidh Seán Cathach siar an bóthar ag leigint air féin gur ag iarraidh na mba a bhí sé.
D'Fhosgail sé fuinneog tighe Liam na Giúise agus bhreathnaigh sé isteach agus bhí gach rud mar do chuir sé iad. Bhí an trucall agus an múille buidhe istigh agus Liam ina chodladh ann agus an teine ar lasadh fé'n trucall. Rith Seán soir abhaile ag sgreadadh. Ghlaodh sé ar na comharsanaibh agus dubhairt sé leo dul siar go dtí tigh Liam go bhfeiceadh siad an t-iongantas. Chuaidh muinntir an bhaile ar fad siar go bhfeiceadh siad céard a bhí suas. Thosuigh siad ag sgreadadh agus ag bualadh an doras. Dhuisigh siad Liam leis sin agus scannradh siad Liam bocht mar cheap sé gur b'iad na púcaí a rinne é. Ba é clár a leasa do Liam é mar nior ól sé aon deor ón lá sin amach.- Collector
- Nóra Nic an Iomaire
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Coillín, Co. Galway