School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar i gCárna
- XML Page 387
- XML “Ainmneacha Áite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Clochar na Pluide:- Sé an fáth gur tugadh Clochar na Pluide air mar ins an t-sean aimsir bhí bean agus chuir sí pluid amach, sgar sí ar aill mór millteach é agus tugadh 'Clochar na Pluide' air ó shoin.
Crocán an Aifrinn:- San t-sean aimsir bhíodh sagart ag léighimh Aifrinn ann an t-am a raibh an namhaid ag cur fan ar an Eaglais Dé.
An Leachta :- Tá leachta ann agus bhíodh bean sidhe le feiceáil ann gach oidhche.
Clochar na gCat:- Sé an fáth gur tugadh Clochar na gCat air mar bhiodh go leor cat fiadhna ag siubhal ar an aill mhór atá ann.
Baile an Chliabháin:- Ins an t-sean aimsir nuair a bhí na daoine ag déanamh an bóthar mór thosnuigh siad ag sgoilteadh na gcarraig, chuala siad bean ag bogadh cliabháin istigh ann agus d'éistigheadar leis an aill.
Crocán na mBuachaillí:-
Ins an t-sean aimsir mharbhuigh Catríonach dhá bhuachaill déag ann.
Oileán an Bhaile:- Bhí robáilaidhe ann ins an t-sean aimsir agus bhí áitiú déanta aige ar an oileán, bhí caipín luaidhe air agus rinne sé balla timcheall ar an oileán i lár na locha dá choinneáilt sábháilte ar an namhaid.(continues on next page)- Collector
- Bairbre Ní Donnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway