School: An Clochar i gCárna
- Location:
- Carna, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slat a dhéanfadh gad, gad a bhuailfeadh Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh'. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an cú, gan im a chuimleochaidhe de mo bhonnacaibh'. Chuaidh sé go dtí an t-im. 'Tá mé ag iarraidh im, im a chuimleochaidh mé ar bhonnacaibh con, cú a shnámhfas uisge, uisge a fhliuchfas cloch, cloch a ghéaróchas tuagh, tuagh a ghearrfas slat, slat a dhéanfas gad, gad a bhuailfeas Meannachair a d'ól mo chuid subh chraobh.'
Annsin chuaidh sé go dtí an t-im. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an t-im gan luichín a sgríobfas mé'. Chuaidh sé annsin go dtí an luichín, agus dubhairt an luichín an rann céadna. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an luichín gan chat a rithfeas orm. Chuaidh sé go dtí an cat. 'Ní bhfuighfidh tú mise' a deir an cat 'gan braon bainne ó na beithidhigh sin thall'. Chuaidh sé go dtí na beithidhigh. 'Tá mé ag iarraidh baroinín bainne le h-aghaidh an caitín' a deir sé. 'Ní bhfuighfidh tú aon deor bainne uainn-ne' a deir na beithidhigh go bhfuighe tú dhúinn punnán tuighe ó na buailteoiribh sin thall'. Chuaidh sé chuca agus a dubhairt leo go raibh punnan tuighe uaidh. 'Ní bhfuighfidh tú an punnán' a deir siad gan criathar uisge. Chuaidh sé i gcoinne an uisge, ach ní raibh an criathar in ann aon bhraon a choinneáil. Bhí carróg ag dul thart agus dubhairt sé le Murchadha 'cuir dóib nó salachar ar an gcriathar agus beidh sé in ann an t-uisge a choinneáil'. Rinne sé amhlaidh, líon le h-uisge é, agus thóg chuig na buailtreoiribh é. Thóg siad é agus thug siad an punnán tuighe dhó. Thug sé sin do n beithidhigh agus fuair sé an braon bainne uatha. D'ól an caitín an bainne, agus thosuigh sé ag rith i ndiaidh an luichín, thosaigh an luichín ag sgríobadh an im, chuimil an t-im é féin ar cosaibh con, shnámh an cú san uisge, thosaigh an t-uisge ag fliuchadh cloch, thosaigh an chloch ag géaradh tuagh, thosaigh an tuagh ag gearradh slait, thosaigh an t-slat ag déanamh gaid, gur bhuail sé a dhóthain ar Mheannachair, a d'ól a chuid subh chraobh. Bhí Murchadha an-t-sasta annsin.- Collector
- Bairbre Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Roisín na Mainiach, Co. Galway