School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 425

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 425

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 425
  3. XML “An Pota Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thosaigh sé ag cartadh go bhfuair sé pota óir. Bhí rud eicínt sgríobhtha ar an gclár a bhí ar an bpota agus ní raibh fhios aige beo cé an míniú a bhí leis. Chuaidh sé go dtí scoláire bocht a bhí ar an mbaile agus dubhairt sé gur mhar a chéile an taobh seo den chrann agus an taobh eile mar gheall go bhfuair sé faoi chrann é.
    Fuair sé pota óir eile ar an taobh eile agus thug sé lán a chaipín d'ór don scoláire bocht agus d'imthigh an scoláire bocht leis abhaile agus é lán t-sásta mar gheall air. Maidin amháin d'éirigh Tomás agus chuaidh sé ag cruinniú cipíní le haghaidh na teine. Nuair a tháinig sé in aice na farraige chonnaic sé bád ag teachtagus iomradh na gcéadta uirthi agus gan innti ach aon bhean amháin. Bhí léine déanta aice agus sí a d'fheil Tomás. D'imthigh sí féin agus Tomás leo sa mbáidín agus tháinig siad i dtír ach d'fhan Tomás ins an mbád. Annsin thosaigh an bád ag imtheacht amach agus thosuigh Tomás ag caoineadh agus ag béiceadh; ach ba ghearr an t-achar gur thuit sé ina chodladh.
    Nuair a dhúisigh sé, sé an áit ina raibh sé ná 'na bhaile fein agus bhí an bhean gléasta in éadach fir. Bhí beart slat le na thaobh agus chuaidh sé abhaile agus ní raibh na fataí ag fiuchadh nuair a shroich sé an teach. Ba ghearr an t-achar in dhiaidh sin gur cailleadh Tomás.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway