School: An Clochar i gCárna

Location:
Carna, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 448

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 448

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar i gCárna
  2. XML Page 448
  3. XML “Diarmuid agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Fianna ag dul ag fiadhach. Nuair a bhíodar ag dul amach le taobh an chnuic chonaiceadar an collach mór ag teacht isteach faoi shiubhal mór. Bhí sé ag teacht chomh fiadháin agus gur rith na fir a bhí i n-éinfeacht le Diarmaid. 'Ní rithfiadh mise uaidh', a deir Diarmaid, 'níor chuir collach muice faitchíos ariamh orm'. D'ionnsuigh sé féin agus an collach a chéile agus bhuail Diarmaid dá chlaidheamh é agus rinne sé dhá leath den chlaidheamh ar a dhruim agus níor mharbhuigh sé an collach.
    'B'fhearr dom-sa go ndéanainn comhairle Ghráinne ar maidin, an Mór-allta a thabhairt liom,' a deir sé. Tháinig an collach de rite-reaite arís agus chuir sé an adharc i nDiarmaid agus stróic agus stróic sé leis an adhairc é. Níor mharbhuigh sé uilig é. Nuair a bhí an collach ag teacht an darna huair chaith Diarmaid an claidheamh leis agus chuir sé an claidheamh isteach tríd a chloigeann aagus tríd a inchinn agus thuit an collach agus thuit Diarmaid. Bhí cuid de na Fianna ag breathnú ortha agus bhí Fionn é féin ag breathnú ortha ag troid agus chonnaiceadar ag tuitim ar an urlár an bheirt. Dubhairt ceann de na Fianna le Fionn deifir a dhéanamh. 'B'fhéidir nach bhfuil Diarmaid básuighthe fós'.
    Tháinigeadar anuas agus bhí Diarmaid beo ar éigin rompa, agus bhí an collach caillte. Bhí buadh ag Fionn aon duine nach raibh caillte uilig an t-am a dtiocfadh sé lan a mhámh den uisge a thabhairt leis agus a chur ar an áit a bhí gearrtha, agus go bhfuigheadh sé biseach. 'Anois, a Fhinn', a deir Oisín, 'tá tú i ndon Diarmaid a leigheas. Téirigh agus tabhair leat lán do dhá bhos den uisge agus cuir ar Dhiarmaid é agus beidh sé go maith.'
    Chuaidh Fionn go dtí an t-uisge agus thug sé lan a mhámh leis agus chuimhnigh sé ar Ghráinne, go dtug Diarmaid uaidh í agus sgaoil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic an Iomaire
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Coillín, Co. Galway