Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- Clifden, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 390
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Leathanach 390
- XML “Féichín Naofa”
- XML “Naomh Flannán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)paidreach. Fuair an cailín biseach agus gheall sí dho Naomh Feichín nach rachadh sí ag aon damhsa eile aríst go brách. Siubaileadar abhaile go meidhreach acht nuair a bhí cúpla mí caithte tháinic duil sa damhsadh aris ag an gcailín. Bhris sí an geall a thug sí agus chuaidh sí ag damhsú. Bhuail an pian aris an oidhche chéadna í act níor leigeasadh an darna h-uair í.
- Ba mach do Rí Tuatmhumhan é agus fuair sé a chuidh oideachas ó Naomh Molna. Do mhair sé san seactmhadh aois. D'oibhrigh sé a lán míorbhúilt. Deirtear go raibh sé ag obhair i muillean na mhainistreach go h-an chruaidh tráthnóna áirithe agus cuir Dia solus neamhda cuighe ionnus go mbead sé indon a chuid oibre a dhéanamh. Chuaidh sé ar turas go dtí an Róimh agus rinne an Phápa easbóg de. Táinig sé ar ais go h-Éirinn agus bhí sé ina abb i gCill Dá Lua ar feadh i bhfadh. D'imigh sé go Oileán Árann agus cait sé seal gearr ann. Cuir sé teampuill ar bun freisin inaice an Clocháin agus tughthar (Lo Áras) Iorrus Fhlannán ar an áit ó' san.