School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 416
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Fear caol dubh ' na seasamh ar mullach an chnuic is gach a bhfuil de photógaibh ina corp ar creatadh leis an olc.
Freagra - Gunna.
2. Tháinic ceithre cosa isteach, chuaidh cúig cosa amac, caith dhá chois trí cóis ag iarraidh an cos a chuaidh amach a thabhairt isteach.
Freagra - Caora a mharbhuigh fear an tighe is sgiob an gadhar ceann dá cuid cosa is chaith fear an tighe stól trí cosa leis an ngadhar ag iarraidh cois na caorach a bhaint de.
3. Gilin ó gile thar farraige anoir, fear innsint mo scéal gan féith na fuil.
Freagra - Litir.
4. Sheas mé amach i ndoras mo Dhaide Ó agus chonnaic mé an rud marbh ag iomchur an fir beo.
Freagra - Bád.
5. Ceathrar chloinne a chuaidh ag bainnt slat; an t-slat a bhaineadar chaitheadar uatha é agus an t-slat nár bhaineadar thugadar leo é.
Freagra= gé.
6. Chuaidh mé ina coille ag iarraidh cárr adhmuid. Thug mé abhaile craol cárr dhé agus ní raibh órdlach de camh ná díreach.
Freagra - Minn ságha.
7.Muilt iarainn agus roball olann as.
Freagra - Snáthadh mór(continues on next page)- Collector
- Sinéad Nic Liaim
- Gender
- Female