School: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Location:
- Clifden, Co. Galway
- Teacher: An tSr. M. Peadar

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 488
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl páirc ná gort ná mágh ná cnoc na sliabh ná coill ná gleann na abhainn na oileán ins an bparóiste seo againn-ne nach bhfuil a ainm féin air. Agus ainmneacha deasa feileamnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-sean amach is amach; níos sine na an Ghaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo orra sul dá dtáinig Clann Mhíleadh go dtí an tír seo cor ar bith.Ag seo cuid aca:-Clais an Aifrinn. Clais mhór ghainimh i siúd mar a mbíodh na sagart ag léigheadh an Aifrinn i n-aimsir na bpian-dligte.Gort an Uisge. Gort íseal é sin a bhfuil lag mór in a lár. Bíonn uisge ins an lag nuair a bhíos báisteach trom ann.Cnoc an Leice. Tá leac mhór ar barr an chnuic agus is uaithe a hainmnigheadh an cnoc.Magh Glas. Páirc glas mór Magh Árd". páirc árd timcheall seacht míle ón gClocán. Tá cnuic árda ar gac taobh dí, agus gleann mór fairsing íns an lárMurvey: A green sea plain about three miles from Roundstone on the coast road.(continues on next page)