School: Cill Chiaráin
- Location:
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chiaráin
- XML Page 113
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Is gearr a bhíos an léan ag teacht.
Bhí fear ann tá tamall bliadhanta ó shoin. Páid Ó Chonchubhar, do bh'ainm dó. Phós sé bean gheanamhail bhí mac aca Micilín, a thugaidís air.
Nuair a bhí Micilín ceithre bliadhanta fuair a mháthair bás.
Phós Páid arís. Bhí mac eile aca dá'r bh'ainm Seán.
Chonnaic Micilín bocht an dá shaoghal. Ní raibh sé ag fághail ceart, ná cóir, ó'n leas-mháthair.
Gráinín mine choirce a thugadh sí dhó ar lic, mar shuipéar.
"Giolla na méire," a bhí mar leas-ainm ag an leas-mháthair air Micilín.
Gach oidhche deireadh sí, "Éirigh a ghiolla na méire," agus cuir na géabha isteach." An oidhche éigin seo, tháinig Micilín isteach trom, tuirseach, agus dubhairt "Faríor géar, gan mo chosaibh, nighthe, mo leicín lidhthe, agus mé i mo luighe." Bhí an t-athair ag éisteacht leis, agus d'fhiafhruigh sé dhe, cé'n fáth a bhí aige leis sin. "Mar is min choirce fhághaim ar mo shuipéar gach oidhche." Ní bheidh sin(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Gender
- Male
- Age
- 9
- Address
- Cill Chiaráin, Co. Galway
- Informant
- Nuala Ní Bhreathnuighe
- Gender
- Female
- Age
- 59