School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 177
- XML “Domhnall Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dtugadh ar isteach é. Bhí sé i bhfad san oídhche nuair a shroich sé an baile agus gan pighinn aige acht mar an dá lá roimhe sin . Ar maidin lár na bháireach dhíbhir a mhathair agus a dhearthair Domhnall bocht agus dubairt leis gan a theacht acu níos mó, béigin dó imeacht agus gan fhíos aige cá rachaidh sé. Nuair a bhí leath an lae curtha aige de casadh tinncéir leis agus bhuaileadar leo. Bhí imní ar Domhnall cá gcodhlóchadh sé san oíche mar bhí cleacta aige ar leabhaidh maith sa bhaile, ach budh chuma leis an dtinncéir cá gcodlóchad sé. Ní raibh sé i bhfad gur casadh ag teach duine uasail iad. Bhí teach ag an bhfear seo a raibh sídheoga ann agus ní raibh sé do mhisneach ag duine ar bith codla ann, dubhairt an duine uasal le Domhnall go bfhuigheadh sé trí bhairille óir dá gcodluigheadh sé sa teach seo. Bhí Domhnall sásta. Cuir fear a tighe Domhnall agus an tinncéar isteach sa teach agus d’fhag sé leaba biadh agus barraille leanna acu agus annsin cuir sé an glas ar an doras. D’fhan an bheirt sa teach. Is gearr go dtáinich dúil san ól ag Domhnall agus chuir sé an tinncéar i gcoinne buichéad leanna.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Suibhne
- Gender
- Female
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Informant
- D. Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Age
- 46
- Address
- Maigh Cuilinn, Co. Galway