School: Magh Cuilinn
- Location:
- Maigh Cuilinn, Co. Galway
- Teacher: Donncha Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Magh Cuilinn
- XML Page 198
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a thabhairt dó. An ránn seo a rádh nuair a casfar mada nimhneach leat:
Cú tá ar nimh,
D'uiltaighim díot,
Cuirim do nimh ar neamh-bhrídh
Séard dúbhairt Naomh Pádraic faoi dho
na trí,
In Ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spiorad Naomh.
Lúib na blátha buídhe. Bláth atá ag fás ar an sliabh agus marbhóchaidh sé an caora agus marbhóchaidh an gabhair é.
Leichneach: Áit a mbeadh na beithidhigh ag búaladh a muinéall in aghaidh cloiche, do mhuinéall a leagadh ar sin.
Bruitíneach. Do theanga a leagadh ar cloigeann bhric.
Dealg a tharraingt amach. Teanga sionnaigh a cur leis.
Doigh. Do theanga a leagadh ar lúachra. Trí ribe fionnadh as rubaill ean dhuibh.
Muing bharra. Lúib chun fionnadh a fhás arís ar áit gortuighthe.- Collector
- Tadhg Ó Réagáin
- Gender
- Male
- Address
- Drimcong, Co. Galway
- Informant
- Tómas Ó Bháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Garraun, Co. Galway