Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bíonn sé ar bhárr an chúile ghlas. Téigheann sé anonn go tír na luinge agus tagann sé anall go sgéimeach deas – ceo.
Chuaidh mé anonn an bóithrín, tháinic mé análl an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom – dréimre.
Chaith mé suas é chómh bán lé eala agus tháinic sé anuas chómh buidhe le ór – ubh.
Feairín beag bog agus é ag silt na ndeor go bog, bog – Fár-dhoras.
Ceithre muca dubha agus ceithre breaca ag diúl carraigreacha Brian – Ceithre báid móna.
Molt iarann agus iorrbal olann air – Snáthad mhór.
Donacha dubh sa gclúid agus biorr ag dul i n-a shúil – Buidéal dubh chorca.
Sin é sa gclúid é agus dhá chéad súil air – Pota an bhruigh.
An Sgoláir – Seán Buiréad.
A Sheoladh – Tola-na-n-Uan, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.
An duine a thug dhó iad – Brighid Buiréad.
A Seoladh – Tola-na-n-Uain, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.- Bailitheoir
- Seán Buiréad
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Brighid Buiréad
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. Galway