Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá roinnt bheag le feiceál fós de Chaislean Fuathaidh i gCampa, Uachtarárd. Bhí an caisleán seo ag Morog na dTuagh Ua Flaithbeartaigh fó thaoiseach. Deir na sean daoine go raibh fear a b'ainm dó O Cathain in a chomnaidhe ann roimhe. Le imreas a tharraint idir na Flaithbeartaigh thug an bhainrioghain Eilís tiodal do Mhorog "Ceann ar Mhuinntear Fhlaithbeartaig ar fad". Cé nach raibh i Moróg acht fo-thaoiseach glach sé leis an tiodal go fonnmhar agus tamall in a dhiaidh sin ghlac sé seilbh ar.Chaislean Acadh na nIubhar, príomh Caislean Gnomóire. Tá an caisleán seo tuairim's dha mhile go leith ar an taobh o dheas de Uachtarárd ar thaobh na Gaillimhe. Tá an Caisleán suidhte ar an abhainn Druimnín a ritheas isteach i Loch Coirib. Domhnall Crón Ua Flaithbeartaigh taoiseach Gnomóire a bhí sa gcaisleán seo acht bhí sé i bpaírt le cuid do na Burcaigh Mac Liaim Iochtar a bhí ag brath ar eirge amach i n-aghaidh na bainrioghna. Ní raibh morán chruthúnais go raibh Domhnall(leanann ar an chéad leathanach eile)