School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 224
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ag tuitim na h-oidhche, trom tuirseach shrois an seanfhear teach beag ar thaobh an bhothair. Ghabh sé isteach ann agus tugadh biadh agus deoch dó. Thug sé fa deara gur seanfhear cromtha feásogach a bhí sa teach, agus bean óg pósta aige. Chuimnigh sé airíst ar an gcomhairle a bhfuair sé agus d'imthigh sé amach as an teach gan loistín d'iarraidh. Ní i bhfad a bhí sé i riocht a dhul mar bhí tuirse air. Chuaidh sé isteach i sciobol ar thaoibh an bhothair agus thuit sé na chodladh ann. Le poll lae dhuisigh sé aít ar chualaidh sé torann ag dul thart. Fear óg a bhí ann le tuagh. Chualaidh an seanfhear in a dhiaidh sin gur mharbhuigh sé seanfhear an bhothair agus gur imthigh sé feín agus bean an tsean fhir thar saile. Chuimnigh an seanfhear ar an gcomhairle a bhfuair sé airíst.Bhí sé deireannach an triú oidhche nuair a shrois sé a theach fein. Bhí muinntar an tíghe in a gcodladh acht d'eirigh leis an bhfear dul isteach agus ar a bheith istigh do las sé lampa agus thug sé fa deara go raibh fear óg 'na chodladh le na mhnaoi feín. Bhí an tuagh in a láimh aige leis an bhfear óg do mharbu nuair a chuimnigh sé ar an(continues on next page)
- Informant
- Padraic Ó Laidhigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Rosscahill, Co. Galway