School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 406
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na prátaí.Cuireann mo athair prátaí ar an bhfeirm sa mbaile gach bliain. Is le céachta a chuireann sé cuid acú agus le rámhainn a chuireann sé cuid eile. Go h-iondamhail is le rámhainn a chuirtear fataí talamh bána. Ins an t-am fadó bhíodh céachtaí déanta d'ádhmad. Bhíodh siúnéir sa cheanntar leis na céachtaí a dhéanamh. Níl aon céachtaí ádhmad ins an gceanntar anois.
I dtús an Earraigh gearrtar na fataí i na sgiolláin agus cuirtear i málaí iad. Na fataí nach bhfuil aon tsúil ionnta caithtear ar leathtaoibh iad. Laoghán a tughtar ortha sin. Cnámhóga a tugtar ar na fataí nach bhfuil aon mhaitheas ionnta le h-aghaidh síol.
Uaireannta sádhtar na sgiolláin ins na h-iomairí i n-ionnad iad do chur le céachta. Na puill a ghníos duine leis an láighe na fágálacha a tugtar ortha sin. Déantar na puill a mhúchadh annsin. Nuair a bhíonn na fataí curtha cuirtear leasú ortha. I n-aice an fairrge cuirtear feamainn agus slobbáin ar na fataí i n-ionnad aoileach.
Nuair a thosaigheann na dasacha ag(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female