School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 437
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fathaigh agus Cailleacha 25 - 9 - '38
Bhí bean thart annseo fadó darbh ainm
an "Chailleach Bhéarra". Bean dúthrachtach
a bhí inntí agus ní lá go maidin é
muna a raibh draoidheacht aicí. Chuinnigheadh
sí go leor beithigh bainne agus
uair ar bith nach mbéadh a n-dóthain
féir aicí féin dóibh bhaineadh sí leas as
cuid a comhursan agus ní fhéadfadh
siad faic a rádh in a aghaidh mar
gheall ar a cuid draoidheacht. Aon lá
amháin chuir sí fios ar mheitheal fir
le coill bheag a ghlanadh amach sí mar
bhí sé líonta de dhriseachaí, le clochaí
agus chuile shórt mar sin; chaoí ar bith
nuair a tháinig na fir chuaidh siad ag
breathnú air agus ní fhéadfadh siad rud
ar bith a déanamh leis. Ní raibh fhios
aca cé'n áit a b'fhearr tosnúghadh
air bhí sé cómh - dona sin. Isteach leo
chuig an "gCailleach" a rádh léithí nach
bhfeadfadh siad áit a gcos fhéin
a fhághail ann. Ar cuma ar bith a
dubhairt sí "tá mé ag ceapadh go bhfuil
ocras orraibh" agus thug sí báisín leite
mine coirce dóibh agus dubhairt leo
a bheith ghá ithe. "A bhean cóir a deir(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Uigínn
- Gender
- Female
- Address
- Doon, Co. Galway
- Informant
- Peadar Ó hUigínn
- Gender
- Male
- Address
- Doon, Co. Galway