School: Cill Ainbhthin (roll number 14591)
- Location:
- Killannin, Co. Galway
- Teacher: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Ainbhthin
- XML Page 422
- XML “Gobán Saor”
- XML “Diarmuid agus an Óige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Gobán Saor ina chomnuidhe i gCo. Mhuigheo in áit a dtugtar Cúl Céardcan air. Bhí sé ag déanamh caisleán in cuile áit in Éirinn. Bhí ochtar inghean aige agus anois agus aríst nuair a théigheadh sé abhaile ní bhíodh áthas mór air nuair nár gheall Dia aon mac dhó. Nuair a chonnaic an bhean as ordú é chuimnigh sí ar chleas agus rinne sí maltrait. Thug sise an inghean dho'n bhean eile (an) thug an bhean eilr an mac di sin.
Nuair a chonnaic an gobán an mac óg bhí sé sásta.- Collector
- Bríghid Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Maghera Beg, Co. Galway
- Informant
- Seamus Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Maghera Beg, Co. Galway
- Aon lá amháin chuaidh Diarmuid, Goll, Conan agus Oscar amach ag fiadhach. Chuadar acar maith as baile. D'eirigh an oidhche ortha agus chuadar amugha. Chonnacadar solus uataibh, rinneadar air agus thanagadar go dtí teach. Bhuail siad ar an doras agus d'osgail sean-fhear é agus chuir sé céad míle fáilte roimh Fianna na h-Éireann.(continues on next page)