Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Killannin, Co. Galway
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 419
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh aon té nó arán ann fadó ach fataí agus leite mine-bhuidhe. Nuair a thagadh na páistí abhaile ó'n sgoil leite mine-bhuidhe agus bláthach a bhíodh aca. Trí bhéile a bhíódh aca sa ló, an bricfeasta, an dinnér, agus an suipéar. Leite mine-bhuidhe a bhíodh aca ar maidin agus insan tráthnóna; agus fataí in ám dinnéir. Bláthach, salann, agus corr uair iasc a bhíodh aca leobtha. Ní raibh aca ach bord beag amháin a d'fhágfadh siad san gcoinnéil í gcomhnuidhe; as ciseóg a d'itheadh siad na fataí. Oidhche Nodlag bhíodh cáca beag mine-coirce aca a dhéanadh siad ar an bhfriocthán, agus sin é an méid uair san mbliadhain a mbíodh cáca aca. Ní raibh trácht ar bith ar cupan fadó ach saucepan. Bhíodh iasc aca oidhche Stiophán agus dá bhféadfadh siad gaoitín a fhághail sé a gheobhfadh siad. Oidhche Nodlag tharraingheochaidh siad an bord amach í lár an urláir, agus bhíodh cáca min-choirce, tae agus uibheachaí aca. Aon uair a mbíodh luach pun feola aca cheannuigheadh siad é. Feoil ghuirt is mo a ceannuigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Gortnagroagh, Co. Galway