School: Leitirmucadha (roll number 13951)
- Location:
- Leitir Mucú, Co. Galway
- Teacher: Nioclás Ó Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmucadha
- XML Page 018
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí cailín Gaedhealach sa Spáinn ar aimsir.”
Bhí cailín Gaedhealach sa Spáinn ar aimsir. Bhí inghean ag an Rígh ag a raibh sí ar aimsir. Lá sa Samhradh tháinig scallán gréine isteach sa seomra. Bhí ingean an Ríogh agus cailín na h -Éireann ag breathnú air. “Buidheachas le Dia a’s le muire” arsa cailín na h-Éireann “nach bréagh an lá atá ann”. “Cé nach é m’athair a chuir ann é” arsa inghean an Ríogh. “Ó ní h-é acht Dia atá sna Flaithis” arsa cailín na h-Éireann. Dfiafruigh sí arís, “Cá raibh Dia”. “Tá sé sna flaithis” ars an calín Gaedhealach “agus tá teachtaire uaidh in Éirinn”. “Má tá a leitheide ann go dtógaidh Dia san air chuige mise” ars an cailín Páganach.Ní túisge a bhí na focla as a béal nuair a deirigh sí san aer agus tháinig sí i na scamall dubh ós cionn Naomh Pádhraig in Éirinn. Bhí brat beannuighthe ag Naomh Pádhraig agus dhá mba neach beannuighthe a bheadh ann scarfadh an brat amach agus dhá mba neach malluighthe é chrapfadh sé ar a chéile. Dfoscail Pádhraig an brat, leag sé ar an talamh agus scar sé amach. Ní túisce dfoscail sé ná amach leis an gcailín in éinis. D’fiafruigh naomh Pádhraig dhe cé as a dtáinig sí. Dinnis sí an scéal ó thús deire dhó agus annsin bhaist sé í. Sén t-ainm a thug sé uirthe Áine Ní Ailne. Dubhairt sé fhéin go gcoinneóchadh sé i na searbhontaigh í.(continues on next page)- Collector
- Colm Cartuir
- Gender
- Male
- Informant
- Seóirse Cartuir
- Gender
- Male